Smaointí
Is féidir leat an Ghaeilge a úsáid i go leor bealaí sa ghnó – mar shampla ar chomharthaí, ar stáiseanóireacht, bróisiúir, agus tríd seirbhís i nGaeilge a chur ar fáil.
Níl aon ghá go mbeadh Gaeilge agat chun an Ghaeilge a úsáid i do ghnó – tá ‘Gaeilge i nGnó’ anseo chun cabhrú leat!

Tá go leor fáthanna leis an nGaeilge a úsaid i do ghnó. Seo roinnt acu:
• Cruthaíonn an teanga dea-mhéin ar chostas íseal – tá go leor Éireannach an-báúil don Ghaeilge faoi láthair, agus fonn orthu í a thuiscint agus a fhoghlaim.
• Meallann an teanga custaiméirí nua i measc lucht labhartha agus foghlama na teanga ach go háirithe, agus roghnóidh go leor acu gnó a bhaineann úsáid as an nGaeilge thar gnó eile nach n-úsáideann
• Léiríonn úsáid na Gaeilge ‘radharc fadtéarmach’ – léiríonn fógraíocht i nGaeilge aitheantas, ní hamháin d’éagsúlacht teangan ach d’éagsúlacht chultúrtha agus cúlra chomh maith.
• Is féidir le húsáid na teanga íomhá dhifriúil a léiriú agus meas d’earraí agus seirbhís den scoth.
• Is féidir leis an nGaeilge cabhrú le híomhá Éireannach, agus le húinéireacht Éireannach a chur trasna.
• Meallann sé turasóirí – is mian le turasóirí a bheith in áit a fhéachann agus a mhothaíonn difriúil.
