Seirbhís - GING
Tá Seirbhís ‘Gaeilge sa Ghnó’ ann chun comhlachtaí a threorú tríd an bpróiséas chun Gaeilge a shní isteach ina ngnó, is cuma an beagáinín Gaeilge nó gnó iomlán dhátheangach atá uathu.

Ar dtús, socraíonn foireann ó ‘Ghaeilge i nGnó’ cruinniú le húinéir(í) nó bainisteoir(í) an ghnó agus déanann muid athbhreithniú ar an ngnó ó thaobh a íomhá de – comharthaíocht, ábhar margaíochta, ábhar fógraíochta ‘srl. – agus déanann muid scrúdú ar na féidearthachtaí i leith úsáid na Gaeilge.
Ansin cuirfidh ‘Gaeilge i nGnó’ clár céimithe le chéile le clár-ama aontaithe d’fhí isteach na Gaeilge sa ghnó thar an tréimhse ama socruithe, is cuma an athrú stáiseanóireachta, comharthaíocht nó Gaeilge a chur ar veaineanna dáilithe atá i gceist!
Beidh foireann ‘Ghaeilge i nGnó’ ar fáil chun a cuid saineolas margaíochta agus gnó a chur ar fáil, agus teagmháil a choinneáil leis an gcomhlacht i rith an tréimhse ama, chun comhairle agus aistriúchán a thabhairt, de réir mar is gá.