Cumarsáid Labhartha
Is féidir leis an nGaeilge labhartha a bheith mar chuid lárnach de ghnáthchúrsaí cumarsáide an ionaid oibre ó lá go lá. Ba mhór an buntáiste duine ar leith a bheith agat atá ábalta agus toilteanach Gaeilge a labhairt le baill foirne agus le custaiméirí ag na pointí teagmhála.

Is féidir úsáid a bhaint as an Ghaeilge sna réimsí tábhachtacha seo a leanas laistigh den chomhlacht:
• Ag an deasc fáiltithe agus i measc lucht teagmhála an chomhlachta
• Ar an teileafón
• Ar urlár na monarchan agus san oifig
• Ar an chóras idirchumarsáide inmheánach
• Leis an phobal
• Leis an Stáit agus le comhlachtaí eile
• I bhfógraíocht agus i bpoiblíocht sna nuachtáin agus ar na meáin
• Le linn ócáidí sóisialta
